Tá roinnt teangacha níos gníomhaí ná a chéile agus tá líon níos airde de rannpháirtithe gníomhacha agus tiomanta. Mar sin féin tá fáilte romhat fós cabhrú linn leis na teangacha seo, fiú tar éis na haistriúcháin a bheith críochnaithe.

Tá ár n-aistriúcháin neamhiomlán do go leor teangacha. B’fhéidir go bhfuil siad á labhairt ag níos lú daoine ar fud an domhain, ach tá sé ríthábhachtach fós go gcuirfimid feabhas ar rochtain ar Tor do dhaoine nach bhfuil Béarla acu.

Tá staitisticí againn maidir lenár n-aistriúcháin ag an leathanach staitisticí L10n, le faisnéis faoi aistriúcháin tosaíochta agus aistriúcháin eisithe. Ríomhtar na staitisticí seo go laethúil.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na comhaid éagsúla atá á n-aistriú, téigh i gcomhairle le do thoil ar ár rannóg vicí d’aistritheoirí

Is féidir leat na ticéid oscailte faoi cheisteanna aistriúcháin a fheiceáil ar ár bugtracker.