⚠️ Seans go bhfuil pacáistí as dáta agus mar sin seans nach n-oibreoidh an socrú seo. Moltar modh socraithe eile a úsáid, e.g. Docker.

Siúlfaidh an treoir seo tú trí shuiteáil, oibriú, agus cothabháil seachfhreastalaí Snowflake chun cur le hiarrachtaí frithchinsireachta Thionscadal Tor. Is féidir seachfhreastalaí gcáithnínísneachta a shuiteáil go héasca mar phacáiste ar chórais Debian-bhunaithe (Debian 12 - bookworm).

1. Suiteáil

Oscail do chríochfort agus rith an t-ordú seo a leanas:

sudo apt install snowflake-proxy

2. Seachfhreastalaí gcáithnínísneachta a oibriú

Ba cheart go dtosódh an tseirbhís seachfhreastalaí gcáithnínísneachta go huathoibríoch tar éis é a shuiteáil. Is féidir leat an tseirbhís a bhainistiú le horduithe systemd:

sudo systemctl start snowflake-proxy

Chun seachfhreastalaí gcáithnínísneachta a chumasú chun tosú go huathoibríoch ar tosaithe:

sudo systemctl enable snowflake-proxy

Chun stádas reatha do sheachfhreastalaí gcáithnínísneachta a sheiceáil:

sudo systemctl status snowflake-proxy

3. Logaí monatóireachta

Má choinnítear súil ar logaí na hoibríochta, is féidir cabhrú le fadhbanna a réiteach nó gníomhaíocht an tseachfhreastalaí a dhearbhú:

sudo journalctl -u snowflake-proxy

4. Cumasaigh Nuashonruithe Bogearraí Uathoibríoch

Ceann de na rudaí is tábhachtaí chun do sheachfhreastalaí gcáithnínísneachta a choinneáil slán ná nuashonruithe slándála a shuiteáil go tráthúil agus go hidéalach go huathoibríoch ionas nach féidir leat dearmad a dhéanamh air. Lean na treoracha chun nuashonruithe uathoibríocha bogearraí a chumasú le do chóras oibriúcháin.