Ba cheart go n-oibreodh an treoir seo le haghaidh leaganacha le déanaí de chóras oibriúcháin OpenBSD. Clúdaíonn sé nuashonruithe/uasghráduithe pacáistí amháin, agus ní chuireann sé paiste ar bith eile i bhfeidhm ar an mbunchóras nó ar an eithne.

TABHAIR FAOI DEARA: Tá gach céim atá doiciméadaithe ar an leathanach seo á mheas go bhfuil do fhreastalaí tiomnaithe do athsheachadán Tor a sholáthar. Tabhair faoi deara le do thoil go ndéanfar seirbhísí a atosú le linn an phróisis nuashonraithe uathoibríoch bogearraí atá doiciméadaithe anseo.

1. Cruthaigh an Script Nuashonraithe

Cuireann OpenBSD bealach éasca ar fáil dúinn le tascanna a rith go laethúil, go seachtainiúilgo míosúil. Ligeann sé dúinn ár scripteanna saincheaptha féin a scríobh ar a dtabharfar cron i dtrí chomhad áitiúla éagsúla (ag brath ar ár riachtanais, nó ar roghanna ar leith):

  • /etc/daily.local
  • /etc/weekly.local
  • /etc/monthly.local

Mar shampla seo, táimid chun /etc/weekly.local a úsáid:

#!/bin/sh
PATH="/bin:/usr/bin:/sbin:/usr/sbin:/usr/local/bin:/usr/local/sbin"
RAND=$(jot -r 1 900)
sleep ${RAND}
pkg_add -u -I && \
rcctl restart tor

Maidir leis an sceideal áirithe seo, roghnaíonn muid an script a reáchtáil gach seachtain ar an Satharn ag 3h30 (ag brath ar do chrios ama). Cuirfidh sé tús leis an bpróiseas nuashonruithe pacáistí féin, ag brath ar an luach atá socraithe don athróg $RAND. Tá sé cumraithe chun codlata a tháirgeadh idir 0 agus 900 soicind (15 nóiméad).

2. Atosaigh cron

Ar deireadh, atosaigh an deamhan cron chun athruithe cumraíochta a úsáid.

# rcctl restart cron